Sutton Hoo!

Christy Evans reports on Seachtain na Gaeilge - the global celebration of the Irish language. The main British gathering in March 2007 will be at Sutton Hoo in Suffolk. This beautiful site, close to the sea, is the burial place of the Anglo-Saxon kings. Nobel Laureate Seamus Heaney opened the impressive visitors' centre at Sutton Hoo in 2001. The nearby villages of Bawdsey, Orford and Aldeburgh are also worth a visit.

TÁ ÁR gcoláiste suite ar an gcósta i mBawdsey, ocht mhíle soir ón Woodbridge, Suffolk.

Is teach mór maorga é 'Bawdsey Manor' ó ré na dTudorach atá suite in áit cianda, cois na farraige. Tá an Manor togtha le brící dearga agus le fuinneoga muilleanacha, cruthanta na dTudorach. Chomh maith le sin, tá faiche fhairsing thart timpeall ar an manor, coillte, gáirdín luibheanna agus radharcanna go dtí an trá.

Is iontach go deo í an áit Aldeburgh chun dul ar cuairt ann. Is sráidbhaile beoga é, Aldeburgh. Tá an-ghnaoí ag ealaíontoirí air an sráidbhaile seo. Chonaigh Benjamin Britten in Aldeburgh agus tá leacht iomráiteach do ar an trá. Is baile stairiúil é, Orford. Tá dún an-mhór go h-ard os cionn Orford. Inniu, téann mórán cuairteoirí ar thurasanna chuig 'Orford Castle' agus timpeall thart an cheantar sin.

Bhí Suffolk lárnach i ríocht Shacsanach cumhachtach. Tháinig Naomh Ethelbert go Suffolk i AD 597. Bhunaigh manaigh cuid mhór eaglaisí sa chontae. Bhí Sutton ann mar reilg i gcomhair mórán ríthe Sacsanacha, agus ina measc, b'féidir, an laoch Beowulf. In Iúil 1939, nocht seandálaithe long oll-mhór cogúil agus, ina theannta sin, uaigh rí. D'fhionn siad carbaid, cnámharlacha agus clogad ollásach. D'oscail Seamus Heaney an iarsmalann ag Sutton Hoo i 2001.

Tá bailliúchán breá de h-iarsmaí sa mhúsaem: seoda, boinn, dealbha, fístéip faoi na Sacsanaigh agus a leithéid sin.

Beidh an Choláiste ar siúil i Márta 2007. Beidh fáilte 's fiche romhat! Tuilleadh eolais: Dónal 020 8348 5016, nó donal.kelleher@yahoo.co.uk

<< | Up | >>

This document was last modified by David Granville on 2007-01-29 15:40:26.
Connolly Association, c/o RMT, Unity House, 39 Chalton Street, London, NW1 1JD
Copyright © 2007 Christy Evans