An Bholaiv - Caithréim na ndaoine

Gearóid Ó Colmáin

NUAIR A scrios na Conquistadores impireacht na nIncigh i 1538, cuireadh formhór na mbundúchasach faoi dhaorsmacht na nÁitritheoirí nua Eorpacha. In ainneoin roinnt iarrachtaí chun a gcuid saoirse a bhaint amach, go háirithe i 1781, theip ar na bundúchasaigh cothrom na féine a bhaint amacht ina dtír féin go dtí le déanaí. Cé gur n-éirigh leo 'saoirse' na tíre a fháil faoi cheannaireacht Simon Bolivar ag cur tús le neamhspleáchas na tíre a dtabharfaidís 'Bolivia' uirthi, mhair stádas íochtaránach na mbundúchasach go dtí gur roghnaíodh Senor Evo Morales mar Uachtarán na Bolaive ar an 22 Eanáir 2006. B'shin an chéad uair riamh i stair na Bolaive go raibh daonlathas ceart i bhfeidhm, is é sin le rá, rialtas a bhfuil tromlach na n-airí ina mbundúchasaigh.

Go deimhin, ní raibh cearta votála ag na bundúchasaigh go dtí caoga bliain ó shin. Dá bhrí sin, ní raibh i gceist le neamspleáchas na tíre ach neamspleáchas na nÁitritheoirí nua ó Impireacht na Spáinne. Choinneoidís na bundúchasaigh ina n-íochtaránach go fóill. Ní raibh baint acu le dréacht an bhunreachta nó aon ghó riaracháin nó oideachasúil. An scéal céanna a bhí i gceist maidir le teangacha dúchasacha, a bhí an-shaibhir agus éagsúil roimh theacht na Spáinneach, a mbeadh ag dul in éag ó shin i leith.

D'éirigh na bundúchasaigh amach arís i 1870 agus 1871 tar éis dheachtóireacht Santa Cruz agus díomua Chath Yungay, agus bhí ainriail ar fud na tíre go dtí 1880. Nuair a fuair taisceoirí amach go raibh quinín agus nítrít, airgead agus stáin ann, thosaigh dúshaothrú na n-oibrithe. Sa Chogadh Nítríte le Sile i 1879, chaill siad cúige Atacama agus leis sin, teacht ar mhuir. Tar éis Acre, cúige tábhachtach eile, a chailliúint do Bhrasaíl i 1904, thosaigh na Stáit Aontaithe lena n-infheistíocht.

Ach, bhí difríocht eacnamíoch anmhór idir na ceantair mhianadóireachta agus na ceantair feirmeoireachta, agus d'éirigh cursaí níos measa le géarchéim eacnamaíoch an domhain i 1929. I gCogadh Chaco le Paraguay i 1932-33 chaill siad cúige Chaco agus leis sin, teacht ar na haibhneacha tábhachtacha a bhí ina sruth chuig an Mórmhuir Atlantach. Tháinig deachtóireacht eile i gcumhacht tar éis an chogaidh agus thosaigh siad ar náisiúnú an chomhlachta Mheiriceánaigh 'Standard Oil' agus rinne siad cumannaithe de na hoibrithe. Faoi ghluaiseacht nua darbh ainm Movimiento Nationalista Revolutionario tháinig Victor Paz Estensoro i gcumhacht i 1952. Chuir sé tús le próiseas chun an talamh a thabhairt ar ais do na bundúchasaigh, ach níorbh fhada go raibh coup míleata le tacaíocht Mheiriceánach.

Le tacaíocht ó Fidel Castro, thosaigh Che Guevara cogadh 'guerrilla' in aghaidh an rialtais mhíleata agus dhúnmharaigh an CIA é i 1967. Ina dhiaidh sin, bhí roinnt coups míleata agus bhí an geilleagar ag dul in olcas gan stad gan staonadh. Cé gur roghnaíodh Estensorro arís i 1985, ní raibh sé in ann dul i ngleic leis na fadhbanna eacnamíochta.

O shin i leith, le polasaithe nua-liobrálacha tacaithe ó na Stáit Áontaithe, Bainc an Domhain agus infheistíocht ó thar lear, tá formhór mhaoin na tíre i seilbh na gcomhlachtaí idirnáisiúnta. Is iad náisiúnú an gháis, athnáisiúnú an chomlachta eitleáin Lloyd Aereo Bolivano, agus cealú na bhfiach leis an mBanc Forbartha Idir-Mheiriceánach mar aon le hinfheistíocht chuimsitheach a dhéanamh i mbonneagar na tíre na dúshláin is mó roimh Morales faoi láthair. Ní bheidh sé furasta ach tá dúil agus féinmhuinín le sonrú i dtromlach an phobail anois don chéad uair riamh le rialtas atá dáiríre faoi chothrom na féine, cobhsaíocht pholaitiúil agus cearta daonna a sholáthar dá mhuintir. Bímis ag coinneáil súil ghéar orthu! Viva los campesinos y viva la revolución!

<< | Up | >>

This document was last modified by David Granville on 2008-12-10 05:16:25.
Connolly Association, c/o RMT, Unity House, 39 Chalton Street, London, NW1 1JD
Copyright © 2006 EvGearóid Ó Colmáino